Scoil: Toames, Maghcromtha (uimhir rolla 15478)

Suíomh:
Tuaim, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 284

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 284

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Toames, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 284
  3. XML “Na Bailte Fearainn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    TEERAVEEN - Tír Aodha Mhín.
    Comhgarach de Cíll Glas ar an dtaobh seo tá Tír Aodha Mhín. Tugadh an ainm seo ar an áit ó'n Naomh - Naomh Evan. B'é seo an Naomh Evan ceudhna a bhí i mainistir Evan (Monasterevin) i gCo. Cill Dara. Deirtear gur tug sé turas don baile fearann seo i gCill Mhuire.

    TIRELTON - (Tír Éilthín)
    Sgríobhtar an ainm seo ós cionn dorais oifig a' phuist anois ar an gcuma seo Tiréaltan. Ní dóig liom go bfuil sé seo ceart. Is é is dóichighe gur o'n naomh "Eltan" a fuair an baile fearann seo a ainm. Nuair a bíonn na sean-daoine ag caint mar geall ar an mbaile seo is "Tír Éilthín" a deireann siad i gcomnuidhe.

    CNOCÁN - (Knockane i mbeurla anois)
    Ar an dtaobh thoir de Thír Eilthín tá Cnocán. Ní gádh puinn a rádh i dtaobh na h-áite seo. Mínígheann an ainm féin an chúis gur tugadh an ainm seo ar an áit.

    BOULBRACK
    Thiar theas de Thír Éilthín tá "Ball Breac". Go deimhin, tá an áit "breac". Tá cuid de'n talamh gó maith na pairceanna go breágh, glas, uain agus imeasg na bpáirceanna nglas táid na potacha go fluirseac, cuid aca dubh le móin agus cuid eile aca clúdaithe le fraoch donn. Is soléir annsan go bhfuil an baile seo "breacaithe" go maith.

    GNEEVE
    Ar an dtaobh thoir theas den pharóiste tá an baile fearann seo. Roinnt nó tós tailimh is eadh "Gníomh". Is luagha "gníomh" ná "fearann" nó "Uibh". Tá an baile fearann seo i seilbh muinntir Cróinín ar fad anois.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Tuaim, Co. Chorcaí