Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (uimhir rolla 16210)

Suíomh:
Céim an Fhia, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 020

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
  2. XML Leathanach 020
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí fear gurb ainm do Donnchadh Ó Cróinín ina chónaí ar Ghoirtín na Coille timpeall míle lastuaidh de bhéal an ghaorthaidh.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Cill Bharra é. Bhí dritháir ag an mBarrach sa tig 'na theannta ná ná raibh aon tsaidhbhreas aige. Bhí sé 'na sheasamh amuigh nuair a ghaibh Donnchadh agus an Barrach thairis isteach. "Dia leat-sa a Chróinín " ar seisean, "sin bóthair ná geobhair-se siar a thuille mo thruagh-sa an té a chuir lámh ionat, ach ní h-aon truagh é ach a chlann agus clann a clainne". Thug an Barrach a dhinnéar do Chróinín go maith agus thóg chun siubhail é síos go Corcaig agus chuir isteach sa phríosún é. Tháinig lá na trialach agus sé an Barrach an chéad fhear a labhair 'na pháirt ach má labhair do labhair an "Chárthach Spáinneach" na choinnibh. "A Bharraigh do fuairise breab chun an fhir seo do thabhairt isteach agus oireann duit breab eile d'fhágháil anois chun é bhreith amach. Aon fhear eile a labharfaidh focal 'na pháirt caithfidh sé mise throid ar phiostal". Bhí sé de thiodal ag an gCárthach go bhféadfadh sé a chlaidheamh a thabhairt leis isteach sa chúirt. Nuair a bhí an triail ar siubhal d'iompuig an "Cárthach Spáinneach" ar Mhac Úí Chróinín a bhí i mbraighdeanas, mar is dócha go raibh an Cróiníneach a d'iarraidh a thabhairt amach gur le tionóisc a marbhuigheadh an bheirt agus dubhairt "Is maith a bhí fhios agat féin cad a dhéanfadh do lámh, an fear a lághfadh an fiolar ar Mhaolach an Chuma Ruaidh ón mBéilic agus na géadhna fiadhaine ar Loch an Ghúgáin".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gort Luachra, Co. Chorcaí