Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (uimhir rolla 16210)
- Suíomh:
- Céim an Fhia, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear gurb ainm do Donnchadh Ó Cróinín ina chónaí ar Ghoirtín na Coille timpeall míle lastuaidh de bhéal an ghaorthaidh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)ghunna leis agus nuair a bhí an triúr ag tiomáint na mbeithidheach abhaile tháinig an mhuinntir thuaidh ag sárughadh an stuic. Sa bhruighean dóibh do chaith Donnchadh urchar agus mhairbh sé beirt de mhuinntir Chárthaigh. Thug sé féin agus a chomrádaithe aghaidh ar an mbaile agus chuaidh Donnchadh ar a theicheadh annsan. Sé an áit go raibh sé ar a theicheadh ná i mbéilic ar fhailltreachaibh an Ghúgáin i n-áit nár bhféidir teacht suas leis. Chaith sé cúig bhliadhna d'á shaoghal ann go dtí go raibh sé tuirseach tnáithte agus sa deireadh cheap gur b'é an rud ab fhearra dho dhéanamh ná é féin a thabhairt suas. Bhí an Barrach 'na chomhnaidhe i gCill Bharra i bParóiste Uibh Laoghaire an uair sin agus chuir Donnchadh sgéal chuige go raibh sé socair aige é féin a thabhairt suas. Leig an Barrach scéalta chuige é féin a thabhairt suas do féinidh agus go dtabharfadh sé saor é. Dubhairt sé leis bualadh uime féinidh i gceárdchain i mBéal átha-n-Ghaorthaidh agus an gunna a thabhairt leis. Bhí Donnchadh ann. Tháinig an Barrach isteach sa cheárdchain agus nuair a chonnaic sé Donnchadh istig sé an chéad rud a dhein sé ná breith ar an ngunna i láimh leis agus an lámh eile a chur ar ghualainn Chróinín agus a rádh "Táim-se id thógaint id' phríosúnach, caithfir dul liom-sa". "Ó ragad!" adubhairt Donnchadh. Chuir sé ar mhuin a chapaill féin é agus thóg leis go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort Luachra, Co. Chorcaí