Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (uimhir rolla 16210)
- Suíomh:
- Céim an Fhia, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Beirt drithár a bhí na gcónaí ar an mbarrlinn i dtuaisceart Pharóiste Bheanntraighe.”
Beirt drithár a bhí na gcóhnaidhe ar an mBarrlinn i dtuaisceart Paróiste Bheanntraighe. Bhí duine acu pósta ’na thig féin agus chuaidh an drithair singil ag sgoruideacht chuige oidhche áirithe. Do thárla go raibh an t-athair sa tsráid an lá san agus go raibh sé gan teacht nuair a ghaibh an buachaill singil amach. Thugadar tamall beag ag seanchaidheacht agus dubhairt an dritháir óg gur mithid do féin bheith ag dul abhaile. “Cad é fáth do do dhithnis,” arsan fear eile. “Tá m’athair sa tsráid,” adubhairt sé agus dhein sé saghas rann mar seo.
"Mar a mbeinn-se sa bhaile nuair a thiocfadh sé siúd isteach,
Do gheobhadh chugham an bata agus bhuailfeadh mé sa chúl le cnap.
Déarfadh "imthigh uaim a ghaige agus ná fill orm féin thar nais,
Mar is fíor nár dheinis le fada mo chomhairle i gceart’.”Dhein an dritháir críonna rann na choinnibh.
"Ba mhinic le t-athair bheith deidheanach sa tsráid gan teacht,
Go nglaoidhfeadh na coiligh agus go gcuirtí na daoine amach,
Ach a chárt bhreágh leanna na stól na sudhe le n-ais,
Agus gan cuímhneamh aige ar chapall ar chlainn ná ar bhean.”- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort Luachra, Co. Chorcaí