Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (uimhir rolla 16210)
- Suíomh:
- Céim an Fhia, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
- XML Leathanach 027
- XML “Saighdiúirí Cromail agus Pádraig Ó Conaill”
- XML “An Gorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)faid agus níl ar Ghort na Binne anois ach dhá líon-tíghe de mhuinntir Connaill dtaobh is go raibh seilbh na h-áithe go léir aca ar feadh tamaill dá saoghal.
- Bhí tairngireacht ag na Breathnaigh a bhí na gcómhnaidhe sa Lodge i gCarn na Dabhaire i n-aice Béal Átha-'n-Ghaorthaid go dtiocfadh an Ghorta. Bhí eolas fághalta aca a leabhar éigin a fhuaireadar ós na Tighearnaí Talmhan. Bhíodar ag comhairluighadh dos na feirmeoirí beaga bochta a bhí timcheall ortha, aoinne gur mhaith leo a gcuid talmhan do dhíol mar go raibh an Ghorta ag teacht. Ni bhfuighidís puinn daoine san am san a thóghadh an talamh. Tháinig an Ghorta agus do cailleadh na mílte leis an ocras. Bhí sean-mháthair Pádraig a innis an sgéal so bhí sí i n-aimsir i nGort an Pludaig agus maidin Domhnaigh agus í ag dul ar Aifreann i mBéal Átha-'n-Ghaorthaidh connaic sí triúr marbh ag an ocras ar an mbóthar roimpi. Bhí fear gur b'ainm do Mícheal Ó Ceallachain marbh ar Ghort a' Pludaig. Bhí cailín breágh agus cúl cas craobhach uirthe sínta fuar-marbh ar ghruadh an tsean-bhóithrín i gcoinnibh an chlaidhe ar Dhrom an Ailtig agus an tríomhadh duine ar an lána ag dul isteach i Sráid Bhéal átha-'n-Ghaorthaidh.
Bhí fear ar Ros an Locha ar thaobh locha an Ghúgain(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort Luachra, Co. Chorcaí