School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (roll number 16210)
- Location:
- Céim an Fhia, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear gurb ainm do Donnchadh Ó Cróinín ina chónaí ar Ghoirtín na Coille timpeall míle lastuaidh de bhéal an ghaorthaidh.”
(continued from previous page)Cill Bharra é. Bhí dritháir ag an mBarrach sa tig 'na theannta ná ná raibh aon tsaidhbhreas aige. Bhí sé 'na sheasamh amuigh nuair a ghaibh Donnchadh agus an Barrach thairis isteach. "Dia leat-sa a Chróinín " ar seisean, "sin bóthair ná geobhair-se siar a thuille mo thruagh-sa an té a chuir lámh ionat, ach ní h-aon truagh é ach a chlann agus clann a clainne". Thug an Barrach a dhinnéar do Chróinín go maith agus thóg chun siubhail é síos go Corcaig agus chuir isteach sa phríosún é. Tháinig lá na trialach agus sé an Barrach an chéad fhear a labhair 'na pháirt ach má labhair do labhair an "Chárthach Spáinneach" na choinnibh. "A Bharraigh do fuairise breab chun an fhir seo do thabhairt isteach agus oireann duit breab eile d'fhágháil anois chun é bhreith amach. Aon fhear eile a labharfaidh focal 'na pháirt caithfidh sé mise throid ar phiostal". Bhí sé de thiodal ag an gCárthach go bhféadfadh sé a chlaidheamh a thabhairt leis isteach sa chúirt. Nuair a bhí an triail ar siubhal d'iompuig an "Cárthach Spáinneach" ar Mhac Úí Chróinín a bhí i mbraighdeanas, mar is dócha go raibh an Cróiníneach a d'iarraidh a thabhairt amach gur le tionóisc a marbhuigheadh an bheirt agus dubhairt "Is maith a bhí fhios agat féin cad a dhéanfadh do lámh, an fear a lághfadh an fiolar ar Mhaolach an Chuma Ruaidh ón mBéilic agus na géadhna fiadhaine ar Loch an Ghúgáin".(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gort Luachra, Co. Cork