School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (roll number 16210)

Location:
Céim an Fhia, Co. Cork
Teacher:
Donncha Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 025

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 025

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
  2. XML Page 025
  3. XML “Saighdiúirí Cromail agus Pádraig Ó Conaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí feirmeoir na chómhnaidhe i n-aimsir Chromail i mbaile ar a dtugtar Gort na Binne i bParóiste Thuath na Dromann. Bhí roinnt mhaith tailimh aige agus mór-chuid cnoc. Tráthnóna ceoidh dá raibh sé ag féachaint i ndiaidh beithidheach a bhí ar an gcnoc aige d'airig sé an gleo agus an chainnt tamall uaidh. Ní fuláir nó go raibh na saighdiúirí ar thóir laochra éigin Gaedheal a bhí sa throid na gcoinnibh agus a bhí mar a deireadh ó shoin anuas tar éis cúlaghadh fé dhéin na gcnoc timcheall Bhaile Mhúirne. Bhí Pádraig ag éisteacht leo ar feadh tamaill ach ní raibh fios aige cé bhí ann mar ba deacair aon nídh fheisnint leis an gceo. Shiubhal sé fé na dhéin agus cé bhí ann ach na saighdiúirí agus iad tar dul amugha. Labhair sé leo go béasach agus labhradar leis agus d'iarradar air iad a threórughadh fé dhéin an bhóthair. Do dhein chomh maith mar bhí eagla a dhóithin air agus d'fhiafruigheadar de an mbeadh aon tseans go bhféadfadh sé roinnt bídh agus dighe do thabhair dóibh. Bhíodar i gcruadhchas adubhairt an t-oifigeach leis. "Gluaisighidh liomsa" adubhairt Pádraig agus déanfad an méid a fhéadfadh díbh." Dheineadar amhlaidh agus is ortha a bhí an t-áthas. Thángadar leis abhaile go dtí a thig féin agus sé biadh agus deoch doibh fé mar a fhead sé é. Thosnuig an stuirm agus an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ó Murchadha
    Gender
    Male
    Age
    62
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Gort Luachra, Co. Cork