School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (roll number 16210)
- Location:
- Céim an Fhia, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
- XML Page 017
- XML “Na Buachaillí Bána - Cath Léim an Fhia, 1822”
- XML “An Buachaill Díomhaoin (Robálaí)”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na saighdiúirí. Tháinig na saighdiúirí fé dhéin an fhir gur leis an gadhar agus do rith an fear cos-nochtaithe ach gabhadh é fé dheire agus chuireadar sa phríosún é. Dheineadar é thriail cos-nochtaithe agus daoradh é agus deineadh é chrochadh. Ba shuarach an finnéidh (fiadhnéidh) a bhí ar an bhfear san agus b'é an ainm a bhí air ná Tadhg Mhach Taidhg ó Bhaile na Cáithte.
- Bhí an robálaidhe seo ag maireachtaint i mBéilic ar an dtaobh thiar de Chúm na nÉag taobh istigh de theorainn Chiarraighe timcheall trí mhíle dhéag ó Chéim an Fhiadha. Theip orm a ainm fhághail amach. Ar aon tslíghe sé an tslíghe-bheathadh a bhí aige chun maireachtaint ná ag robáil daoine. Bhí roinnt airgid beirthe aige leis agus fuair na saighdiúirí eolas go raibh sé ann. Thángadar i ganfhios air agus do rith le n-anam ó thuaidh fé dhein Gleann Fleisce go dtí faill ar a dtugtaí Faill an tSeana Chaisleáin uirthe. Fuaireadar radharc beag éigin air agus chaitheadar roinnt urchar agus d'aimsigheadar le piléar é. Chomáin sé leis ar chuma éigin agus(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gort Luachra, Co. Cork