School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (roll number 16210)
- Location:
- Céim an Fhia, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá sé ráidhte gur ó Thuaisceart na hÉireann Paddy Magee agus go raibh sé ag taisteal na tíre, ag tógaint lóisdín annso agus annsúd, ag cur ceiste mar gheall ar lucht an airgid agus teitheadh leis féin annsan nuair a bhíodh robáil déanta aige. Thug sé cuaird at Inse Geimhleach agus d’iarr sé lóisdín ar Dhiarmuid Ó Duilé agus. Bhí Duilé tagaithe ó America agus trí céad púnt aige agus is dóichidhe go raibh tigh tabhairne aige Ar aon chuma fuair Paddy amach go raibh an t-airgead istigh i mbosca sa tigh aige. Ba gheárr a bhí sé ann nuair a dhíol sé as a lóistín agus d’imthigh. Nuair chuaidh Diarmuid go dtí an bosca chun suim airgid d’fhághail ní raibh bosca ná airgead roimis. Chuir sé tuairisc ar mhuinntir an tighe féachaint ar thóg aoinne an bosca. Ní raibh aon fhios ag aoinne ach i gcionn cúpla lá fuairadh an bosca cómhgarach don tig agus é briste. Sin é an uair a chuímhnigh sé gurb bé Paddy a rug chun siubhail é. Chuaidh Dómhnall go dtí an sagart go truathmhéileach agus d’innis a sgéal do. “Ní h-aon chabhair duitse,” arsan sagart, “bheith a d’iarraidh an fear san a thabhairt chun cúnntais, ach iarraim-se ar Dhia go dtabhairfaidh fuil a(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gort Luachra, Co. Cork