School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (roll number 16210)
- Location:
- Céim an Fhia, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
- XML Page 018
- XML “An Buachaill Díomhaoin (Robálaí)”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)é gonta go ndeachaidh isteach i dtig éigin i nGleann Fleisce. D'iarr sé ortha an sagart a thabhairt chuige mar go raibh sé i mbaoghal a bháis. Do cailleadh é tamall gearr 'na dhiaidh san agus sar ar éag sé d'innis sé dhóibh go raibh lán cóta mná d'airgead i bhfolach i gCúm na nÉag agus gan anuas air ach scraith an tailimh. Do cuarduigheadar an Cúm an uair sin agus go mion minic ó shoin anuas ach theip ar aoinne an t-airgead d'fhághail.
(no title)
“Bhí fear gurb ainm do Donnchadh Ó Cróinín ina chónaí ar Ghoirtín na Coille timpeall míle lastuaidh de bhéal an ghaorthaidh.”
Donnchadh Ó Cróinín ar a theicheadh i bFaill na Sróine i n-aice an Ghúgáin Barra Bhí fear gurb ainm do Donnchadh Ó Cróinín na chómhnaidhe ar Ghoirtín na Coille timcheall míle lastuaidh de Bhéal Atha an-Ghaorthaidh. Thug máthair Dhonnchadh airgead ar iasacht do mhuinntir Chárthaig a bhí na gcómhnaidhe ar Gort na Scairte timcheall míle taobh theas de Charraig an Adhmaid. Bhí sé ag teip ar mhuinntir Chróinín iachaint a chur ar Mhuinntir Chárthaigh an t-airgead d'ais-íoch dtaobh is gur iarradar go minic é. Shocruigh Donnchadh Ó Cróinín go dtógfadh sé roinnt beithidheach i n-ionad an airgid. Siúd fé dhéin Gort na Scairte é maidin áirithe agus beirt fhear eile na theannta. Ráinigh gur rug sé a(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Murchadha
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Gort Luachra, Co. Cork