Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuardach ach do theip ortha í d'fagháil. Do chuadar abhaile agus d'ínnseadar do''n t-Athair agus do'n Máthair gur theip ortha í d'fagháil in aon bhall agus bhíodar ag dul ar buille.
Do chuaidh an t-Athair féin amach an lá na dhiaidh san agus d'innis sé d'os na comharsain go léir mar gheall air.
Oidhche amháin do tháinig fear isteach chúcha agus dubhairt sé le fear a tíghe dá dtabharfhadh sé chéad púnt do go ngeóbhadh sé a inghean do agus dubhairt an fear saidhbhir go dtabharfhadh.
Do thug sé an t-airgead do agus an mhaidean na dhiaidh san do bhí an t-inghean istig sa leaba agus í marbh agus d'ínnseadar do gach aoinne na fuaradar in-aon-chor í.- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85