Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann uair agus do cúig achra tailimh aige agus do bhí sé ana bhocht. Do bhí sé pósta agus do fuair a bhean bás nuair a bhí sí ana óg. Ní raibh puinn airgid in-aon-chor aige agus ní raibh sé ábaltha ar aon chíos do dhíol agus do chuireadh amach as a chuid thailimh é.
Is amhlaidh a bhí sé ag dul [?]tímpeall go dtí na tighthe mar bacach ansan [?]agus do bhíodh sé ag obair do's na daoine uaireannta leis.
Lá amháin do tháinig fear chuige agus d'fiafruig sé dhe a dtiocfhadh sé ag obair chuige ar feadh bliadhna agus dubhairt an fear bocht go dtiocfhadh go deimhin.
Do chuaidh sé chuige an lá na dhiaidh san agus do théigheadh sé ag sgoruidheacht gach oidhche tar-éis oibre agus ní bhíodh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85