Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear saidhbhir ann uair agus do bhí sé pósta. Nuair a pósadh é do bhí alán airgid acu agus nuair a bhíodar pósta dhá bhliain do ghoideadh an t-airgead go léir uatha.
Ní raibh puinn airgid acu in-aon-chor ansan agus ní raibh a fhios acu chad a dhéanfhaidis. Lá amháin dubhairt an bhean leis an bfear dul amach agus rud éigin do dhéanamh chun airgead d'fagháil mar go ngeóbfhaidís bás leis an ocras mura mbeadh airgeadh acu.
Do chuaidh an fear amach an lá na dhiaidh sin agus do chuaidh sé isteach i dtig. D'fhiafruig sé díobh a raibh aon obair acu le déanamh agus dubradar ná raibh ach do thaisbeáineadar tig do agus dúbhradar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleabhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Cáit Bean Uí Seiteacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85