Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 041](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0332%2FCBES_0332_041.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 041
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a gheobfhad í.
D'airigh an tailliúir go raibh an duís ag dul amach agus dubhairt sé go raghad sé féin á chuardac. D'imthig sé leis agus casadh an sagart air.
D'fhiafhruig an sagart den táilliuír an raibh sé ag an tórraimh aréir.
Ní rabhas arsa Jack acht nuair a airígheas go raibh na cúig púnt duaise ag dul amach dubhart go raghainn á chuardach.
Dein é sin adubhairt an sagart. An bhfuil fhios agat cá bhfuil sí a Jack.
Níl fhios agam ach d'fheicfhinn í go minic ag dul isteac chun an sean-mhnaoi sin thall nuair a bhí sí beó ag ceannach tobac. Imthig leat arsa'n Sagart agus téir á chuardach.
Chuaidh an táilliuír isteach go dtí an seana bhean agus fuair sé ann í agus an leath-únsa tobach na bhéal. Och a dúbhairt sí leis an Sagart tá sí annso agam-sa.
Is maith é sin arsa'n Sagart, geóbhaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chríodáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Liatháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An Chúil Iarthach, Co. Chorcaí