Scoil: Baile Mhúirne (C.)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 019

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0332, Leathanach 019

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 019
  3. XML “An Gadaí Dubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do chómhnuig an gaduidhe dubh sa taobh theas de Conntae Corgaighe. Foghluidhe farraige do b'eadh é. Bhí an dúthaig ana-oireamnach dá chúram mar bhí an tír líonta de ghleanntaibh foithineamhla agus do cuanta chúthmhaire chun a chuid foglach do sholathar agus a chuir i bfolach.
    Bhí buachaill aige de mhuinntir Suibhne. D'fiafurig sé di cad é an aimsir ab'fearr chun gaduideachta
    Thug sé an freagra san air.
    Reachtaire bodhar agus madra balbh
    Tigh na buaile ar bruach an easa
    Tosac na h-oidhche beith na geallaidh
    Deireadh thiar ag siar cuir sneachtaidh
    II
    Gaoth a dtuaidh de bharraibh cnoc
    Ag baint poc as beannaibh brat
    Is mó fear ar tuinn anocht
    Go fíochmar dreacht ag tnút le teacht.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge