Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 299
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí amuigh roinnt aimsire ar an gclaidhe ag féachaint an bhfeicfeadh sí ag teacht é. Sa deire tháinig sé, ach ní raibh aon tobac aige. Bhí sí cráidhte, ciapaithe ó bheith ach bhí sí níos measa anois nuair ná raibh pioc aici de bhárr a cuid feithimh. Ní raibh fhios aici cad a dhéanfadh sí agus chuir sí an milleán ar na Sasanaig. Dhein sí bhéarsa agus seo mar a dubhairt sí:-"Gráin agus dochar ar an aicme seo ár an íl,
Tá ár gcrádh is ár milleadh ó thánghadar chúghainn sa tír,
Ní bheidh ádh againn ná sonas, ach osna tré lár ár gcroidhe,
Go ruagam thar caladh na Galla phoic claon Sheáin Bhuídhe."- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Coill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Inse Mhór, Co. Chorcaí