Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 275

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 275

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 275
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Mo shlán chun bliain an taca so ba

    I
    Mo shlán chun bliain an taca so ba mhaith é mo chulaith éadaig,
    Is lúthmhar, láidir meanamnach do dheanfainn bean do bhréadadh,
    Ó casadh cailín deas orm, go raibh cúpla bó mar spré aici,
    D'fhág sí m'ínntin marbh lag, is mo chroiceann geal gan léine.
    II
    Táid mo mhuínntear in earraid liom, is déanfaidh siad mé dhíbirt,
    Nuair ná pósfainn aingir go mbeadh leabaidh chlúimh chun luighe iici,
    Dar ndóin ní raibh na ba aici is níor thaithn sí siúd mar mnaoí liom,
    D'fhág sí mé fé h-athtuirse i seilbh na ráth-coillthe.
    III
    Nuair a éirighim-se ar maidin agus cím-se chúgham mo stóirín
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí