Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 261

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 261

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 261
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí feirmeóir ann fadó agus bhí buachaill aimsire aige. D'éirig idir é féin agus an buachaill ar shlíghe éigin agus thug an buachaill ós comhair na cúirte é. Nuair a glaodhadh ar an bhfeirmeóir chun fiadhnaise do thabairt dubhairt sé go dtógadh an buachaill aimsire
    "An cómhngar chun an bídh
    Is an tímcheall chun na h-oibre"
    Annsan glaodhadh ar an mbuachaill chun é féin do chosaint agus dubhairt sé
    An tuachtar d'fhear a' tíghe,
    Is an t-íochtar d'fhear na h-oibre,
    Éiríghe moch agus luighe déanach,
    Beagán le nithe agus morán le deanamh.
    Annsan bhí fhios ag an breitheamh go raibh an cheart ag an mbuachaill agus leig sé saor é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Cáit Ní Chuill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Barr Duínse, Co. Chorcaí