Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sliabh Riabhach
- XML Leathanach 158
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear amuigh sa choill lá, ag sealgaireacht agus do bhuail an fhiach dubh uime. D'iarr an fiach dubh air gan a gheárrcaig féin a mharbhú in aon chor. "Cad é an dath iad" ars an sealgaire. "Siad na h-éin is gile sa choll iad" ars an fiach dubh. Bhí an fear ag lámhach leis i rith an laé agus níor lámhaig sé aon éan gheal. Um thráthnóna, bhuail an fiach dubh uime agus d'fhiafruig sé de cad a bheir do a éin a mharbhúghadh. Dubhairt an fear nár mhairbh sé aon éin gheal ach gur mhairbh sé na h-éin dúbha. "Ná fuil fhios agat gur gheal liom-sa mo gheárrcaig féin" ars an fiach dubh. Deirtear ó shoin gur geal leis an bhfiach dubh a geárrcaig féin.
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí