Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 150

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 150

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 150
  3. XML “Scéal - An Troid mar Gheall ar Chreideamh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    "Maois" ars an Iúbdach agus strach sé ribe as fhéasóíg Phadruig a thug uisce le 'na súilibh.
    "Naomh Pádruig" arsa Pádruig agus thug sé stracadh nimhneach ar ribe as ghiall a Iúbhdaig.
    "Iób Naomhta" arsan Iúbhdach agus do strac ribe eile.
    "Naomh Columcille" arsa Pádruig agus é ag tarrac ceann eile.
    Leanadar ortha ar an gcuma san gach ré ainm dhá luadh acu agus gach ré ribe dhá stracadh acu go ceann tamaill. Fé dheire do bhuail smaoineamh an Iúbhdach.
    "Adam agus Ébha" ar seisean agus thug dá ribe den iarracht san. Chuir an stracadh san fearg [?]buille ar Pádruig. Níor chuala sé riamh gur naoimh ár gcéad athair agus ár gcéad mháthair ach do chaith sé é bhrúth fé, mar ní raibh sé cinnte
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí