Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 143

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 143

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 143
  3. XML “Scéal Dhiarmada Mheirgeach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    do thabhairt don sagart agus b'fhéidir go bhfaighdís a dtuarastal aisti. Thiomáin sé chuige í lár na máireach agus cuireadh isteach i bpáirc leis an sagart í ina raibh bullán leis an sagart. I lár na h-oidhche siúd abhaile leis an mboin agus siúd an bullán 'na diaidh. Chonnaic Diarmuid agus Peig í lár na máireach. Cheapadar gur b'é Dia a chúcha an bullán. Mharbhuigheadar é. Tháinig teachtaire ón sagart ag lorg an bulláin, ach bhí sé crochta ós na frathachaibh roimis. 'Sé an pianós a cuireadh ar Dhiarmuid ná go gcaithfeadh sé dul ag obair d'on sagart go dtí go nglaodhfadh an chuach. Bhíodh Diarmuid i gcómhnuidhe ag guid ó'n sagart. An té chídhfadh ag obair in a gháirdín é cheapadh sé gurb' é an sagart féin a bhí ann, bhí an oiread sin d'eadaig an tsagairt guidithe aige. Bhí an sagart cortha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1735: “Who Gives his Own Goods shall Receive it Back Tenfold.”
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí