Scoil: Sliabh Riabhach
- Suíomh:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear bocht 'na chómhnuidhe in Uibh Laoghaire uair. Diarmuid Mheirgeach a tugtaí air. Ní raibh aoinne 'na chómhnuighe leis ach a mháthair .i. Seana Pheig Mheirgeach. Bhíodar beó bocht agus bhí a n-áit cómhnuighthe tímcheall naoí míle ón séipéal i dtreó gur b'anamh a théighdís ann. Dubhairt Peig le Diarmuid gur b'é an chúis go raibh an mí-ádh ortha toisg ná théighdís ar Aifreann. Dubhairt Diarmuid ná beadh san amhlaidh feasta. Ar maidean Dia Domhnaig siúd leis go dtí an tAifreann. Ag tabhairt seanmóna a bhí an sagart roimis. B'é an céad rud a chualaidh sé an sagart á rádh ná - "Pé rud a thabharfá don Eaglais thabharfadh Dia dhuit ar a dhúbailt é." Chuaidh sé abhaile agus d'innis dé an scéal do Pheig. Nuair a airig Peig é do chómhairlig sí do an t-aon bó amháin a bhí acu(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ua Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Doirín Álainn, Co. Chorcaí