Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 136

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 136

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 136
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean ann fadó, agus bhí buachaill aimsire aici. Lá amháin do thaisbeáin sí obair do. Nuair a bhí sé ag dul chun na h-oibre ghaibh sé tímcheall ana mhór. Annsan nuair a bhí sé ag teacht chun an dínnéara do tháinig sé an cómhgar. Chonnaic an bhean é agus d'fhiafruig sí dho cad na thaobh nár ghaibh sé an cómhgar chun na h-oibre agus dubhairt sé gur airig sé nárbh fhéidir an sean-fhocal do shárúgadh - "An cómhgar chun an bídh, is an tímceall chun na h-oibre." Tamall 'na dhiaidh sin thug sí fé ndeara ná baineadh sé dhe a chasóg in aon chor nuair a bhíodh sé ag obair sa pháirc ach nuair a thiocfhadh sé isteach chun dínnéara bhaineadh sé de é i gcómhnuidhe. Nuair a bhíodh na fir eile ag cur alluis ní bhíodh aon allus air agus an casóg air. Nuair a tháinig sé isteach chun dínnéara lá amháin chuir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Doirín Álainn, Co. Chorcaí