Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 014
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí ar aghaidh an tighe amach agus thosnuig sé a' cómhaireamh an t-ór ann.
Ní fada go dtáinig bean a mhic amach a' cuir éadach amach agus nuair a chonnaic an sean-duine í a' faire air do bhailig sé isteach an t-ór chuige fé mar adubhradh leis.
Nuair a chonnaic an bhean é sin tháinig ana iongnadh uirthe agus rith sí isteach go dtí an mac agus dubhairt sí. "Tá an diabhal déanta againn mar tá airgead ag an sean-duine i gan fhios dúinn go léir, tair amach agus cídhfidh tú é a' cómhaireamh an t-ór".
Do chuaidh an mac amach agus do chonnaic sé go raibh a bhean ag innsint na fírinne. Do ritheadar anonn chuige agus do rug gach duine acu ar láimh air agus thógadar isteach leó abhaile é agus geallaim dhuit muna bhfuair sé béile maith uatha ní lá fós é.
Gach aon oidhche sar a dtéigheadh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)