Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 126
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí feirmeoir i mBaile-Mhúirne fadó, agus bhí mórán stuic aige. Do bhí beithidheach óg aige agus rug sí. Gach aon mhaidean nuair a thugadh sé isteach í chun í chrúdhadh do bhíodh sí crúidhte roimis ach cheap sé gurab' iad na ba eile a chrúdh í.
I gcionn tamaill buaileadh breoidhte í is fuair sí bás. Tímpeall mí na dhiaidh san do bhí an feirmeoir a' teacht abhaile ó bheith a' sgoruidheacht agus bhí lios sa bhfeirm.
Nuair a bhí sé a' gabháil thairis an lios do chonnaic sé a bheithidheach féin
do dhein sé iarracht ar bhreith uirthe ach ruith sí isteach sa lios uaidh. Do ruith sé isteach na diaidh agus is amhaidh a bhí tig breágh istig roimis agus deineadh bean de'n beithidheach, dubhairt sí leis gur fuaduigheadh í féin, gurab' amhlaidh a bhí sí na bhó sa ló agus na(leanann ar an chéad leathanach eile)