Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Buachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 011

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0328, Leathanach 011

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
  2. XML Leathanach 011
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí lánamha ann fadó, is minic a bhí is beidh airís leis. Ach an lánamha so ní raibh acu ach aon mac amháin. Do fuair an máthair bás nuair a bhí an mac ana óg.
    D'oibrigh an t-athair go dian go dtí go raibh an mac críonna a dhóithin chun obair a dhéanamh. Do bhí ana mheas ag an athair ar an mac agus cheap sé nuair a bhéadh an mac pósta go mbéadh ana shaoghal aige i n-aon fheacht leis ach mar a deir an sean fhocal. Ní mar a síltear a bítear go minic.
    Do deineadh cleamhnas leis an mac agus nuair a bhíodar a' posadh thug an t-athair gach a raibh aige dho, agus thabharfadh sé tuille d'á mbéadh sé aige bhí a leithéid sin de mheas aige ar an mac.
    Do bhí an mac go maith leis ach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge