School: Baile Mhúirne (B.) (roll number 15346)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Donncha Ó Buachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (B.)
- XML Page 014
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a bhí ar aghaidh an tighe amach agus thosnuig sé a' cómhaireamh an t-ór ann.
Ní fada go dtáinig bean a mhic amach a' cuir éadach amach agus nuair a chonnaic an sean-duine í a' faire air do bhailig sé isteach an t-ór chuige fé mar adubhradh leis.
Nuair a chonnaic an bhean é sin tháinig ana iongnadh uirthe agus rith sí isteach go dtí an mac agus dubhairt sí. "Tá an diabhal déanta againn mar tá airgead ag an sean-duine i gan fhios dúinn go léir, tair amach agus cídhfidh tú é a' cómhaireamh an t-ór".
Do chuaidh an mac amach agus do chonnaic sé go raibh a bhean ag innsint na fírinne. Do ritheadar anonn chuige agus do rug gach duine acu ar láimh air agus thógadar isteach leó abhaile é agus geallaim dhuit muna bhfuair sé béile maith uatha ní lá fós é.
Gach aon oidhche sar a dtéigheadh sé(continues on next page)