Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Mhúirne (B.)
- XML Leathanach 013
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhaith dhuit" arsa'n fear, "ach tair chúgham airís annso istoidhche ambáireach".
D'imthigh an sean-duine leis abhaile agus an oidhche san níor chodail sé pioc ach ag cuimhneamh ar cad é an rud a bhí ag an cómharsa dho.
An oidhche na dhiaidh san níor dhearmhad an sean-duine gan dul go dtí tig an cómharsa. Isé an rud a thug an cómharsa dho ná lán a dhorn d'ór.
"Seo", arsa'n cómharsa "beir leat é sin agus ambáireach téir go dtí páirc éigin na bhféadfaidís tu fheisgint agus bí a' cómhaireamh an óir ann.
Nuair a chídhfidh tu aoinne acu a' féachaint ort bailigh an t-ór isteach go tapaidh chúgat i dtreo's ná feadfaidís é fheiscint mar d'eadh agus tabhair an t-ór thar nais chúgham airís."
D'imthig an sean-duine leis agus an t-ór aige agus gan amhras níor innis sé a sgéal. Ambáireach a bhí chúghainn d'imthig an sean-duine amach sa pháirc(leanann ar an chéad leathanach eile)