Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)
- Suíomh:
- Barr Duínse, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bárdínse
- XML Leathanach 243
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadóagus d'oir culaith nuadh do b'é nós an uair sin go dtagadh na táilliúirí go dtí an tig chun an culaith do dhéanamh. Tháinig na táilliúirí cuige lá agus chuir sé ag obair ináirde ar an mbórd iad. Bhí seana bhean agus bean óg sa tig agus bhíodh leite beirbhithe aca gach oidhche aca. Do bheirbh an bhean óg í an chéad oidhche acht ní raibh aon meas ag an seana bhean air. Dubhairt an seana bhean nár cuireadh aon ghráinne salainn ann.
An lá na dhiaidh san dhein sí féin an leite agus cuir sí salann agus chuaidh sí amach. Faid a bhí sí amuich chuir an táilliúir a bhí istig salann ar an leitin agus níor leig sé pioc air. Tháinig an dara táilliúir isteach agus chuaidh sé is chuir sé salann ar an leitin agus níor leig sé pioc air(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Luasa
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Screathan na nGabhann, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Luasa
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Screathan na nGabhann, Co. Chorcaí