Scoil: Bárdínse (uimhir rolla 12399)
- Suíomh:
- Barr Duínse, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Cáit, Bean Uí Riórdáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bárdínse
- XML Leathanach 127
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Foithire is ainm don bhaile fearainn 'na bhfuilimse am chómhnuidhe i bParóiste Bhaile-Mhúirne i gCo. Chrocaighe i mbarúntacht Mhúsgraidhe Uí Fhloinn thiar. Áit cuibhseach uaigneach imeasg na gcnoc iseadh an áit 'na bhfuil cómhnuidhe ormsa. Tá, is dóich liom, dá chéad acra tailimh ag m'athair ach gan amhras tá alán acraí fá chnoc agus fé phortach. Ach bainimíd feidhm as na cnuic chun caoire do thógáilt ortha.
Ní raibh aon chaoire againn cúpla bliadhain ó shoin ach do cheapamair caoire do cheannach agus cúpla mí ó shoin do cheannuigh m'athair fiche uan agus táid go socair sásta ag maireachaint imeasg na gcnoc.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Bhuachalla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Foithrí, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Buachalla
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Na Foithrí, Co. Chorcaí