Scoil: Carraig an Ime (uimhir rolla 4457)
- Suíomh:
- Carraig an Ime, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Luasa
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carraig an Ime
- XML Leathanach 069
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean bocht ann fadó. Do bhí aon mhac amháin aice. Fuair an t-Athair bás agus d'fhág sé seacht púnt ag a mháthair cun é chur le ceárd éigin, nuair a bheadh sé seacht mbliana déag. Sé an ainm a bhí ar a mac na Amhairín. Mar seo lá dubhairt a mháthair leis, "Tá seacht púnt annso id ' chóir cun tú do chur le ceárd éigin. Cad é an saghas ceárd ba mhaith leat".
" Bitheamhantas" arsa Amhairín. "Ní bheidh an sgéal mar sin" arsan mháthair, "mar gheobhad-sa amach ar ball cad é an saghas ceárd a oireamhneochaidh tú"
"Connus a gheobhair amach é" arsa Amhairín.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Luasaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Carraig an Ime, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Duinnín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cúil Aodha, Co. Chorcaí