Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 165

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 165

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 165
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Seo sgeal eile d'airigheas i dtaobh...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Le na linn sin dairig sé fead, agus fead agus fead eile. Níor bhfios cia'cu fead ba ghéire. Chuadar isteach agus amach trí na cheann agus siúd an bóthar soir an bhó ar cos inaírde cómh tréan agus dob fhéidir léi bóthar do bhualadh. Níor fhead sé aon radharc do coimeád uirri agus ní bhfuair sé aon radharc uirri gur shrois sé tigín Sheáin na Ciarrach. Bhí sí na seasamh annsan roimis i lár an bhóthair. Nuair tháinig sé suas léi do thug sí fé dul isteach trí bheárna do bhí ar thaobh an bhóthair. Chuir sé an maide roimpe agus buaileadh an maide amach as a láimh agus cuir duine scearta do gháire as taobh thuas de ar an gCarraig. Siúd chum bóthair arís an bhó acht ní dheacaidh sí ibhfad.
    Bhí crann coillin tímcheall a's cead slat siar ó dhroicead na sgoile agus ní dheacaidh sí tharais sin. Ba gheárr go dtáinig sé suas léi arís agus thug buile de'n mhaide dhi acht coiscéim ar agaidh ní raghadh sí. [?] sé ag gabháil de mhaide uirri acht bhí rud éigin ag cur cosg léi nuair thugadh sí iarracht ar coiscéim ar agaidh do thógaint. Níor bhé sin an rud ba mheasa act do thosnuig an púirtheach, agus an (feadaigheal) liúghaireach, agus an gairidhe agus an feadghaíl na thímceal. Sa deire do luig sí síos ar an mbóthar agus b'éigin do í fágaint ann agus imtheacht leis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge