Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 073

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 073

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 073
  3. XML “Scéal Grinn”
  4. XML “Dónall Cam”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fhios agamsa cad is ciall le miorbhail." Do chuir an sagart paróisde gaire as agus dubhairt. "Tá suil agam an chead uair eile go bhfeicfir-se miorbhail de'n t-saghas san go mbeidh do bhrísde féin ort.
    Sé brísde an t-sagairt-paróisde do bhí ag an sagart óg air an maidean san.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. XV
    Sé Diarmuid a Craith d'airigheas ag innsint an sgéil seo a leanas i dtaobh Dómhnaill Cam.
    Ar an gcéad dul síos caithfear a rádh nach ag tagairt do Dómhnaill Uí Shúilleabháin Bheara atáim - an taoiseach úd do throid i gcoinnibh na Sasannaig i gCath Cínn-t-Sáile agus d'imthig ó thuaidh na dhiaidh san go Caisleán Uí Ruairc.
    Fear eile do beadh Dómhnall Cam cé gur minic a glaodhtar Dómhnall Cam ar Dhómhnall Ó Súilleabháin Bhéara leis. D'aon treibh amháin do mhuinntir Shúilleabháin dob eadh an dá Dómhnall agus Cam an leas ainm do bhí ar an dtreibh sin.
    Do rugadh an Dómhnall Cam go bhfuilim-se ag tagairt do sa sgéal so tímceall a's leath slighe idir an Ghleann-Gharbh agus "Eadaragóil". Nuair do bhí sé na bhuachaill tímcheall seact mbliadhna deug no oct mbliadhna deug d'aois bhí a ainm ináirde le méid
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Ó Súilleabháin Béarra (~30)
    Teanga
    Gaeilge