Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 071

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 071

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 071
  3. XML (gan teideal)
  4. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Oidhche dáraibh Denny Ó Néill sa tig againn...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nó ó bruachán na h-abhann úd a bhaileochaidh na blátha
    A's ar leachtán an fhille a leagfhaidh le grádh iad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí sagart paróisde uair agus bhí sé aosta go maith Bhí sé na chómhnuidhe san pharóisde ba bhoichte in Éirinn agus ní raibh aige ach tigín beag. Ní raibh act cúpla seómra codhladhta sa tig seo ceann don sagart feín agus chodhladh an cailín aimsire do bhí aige san seómra eile. Toisg go raibh sé chómh h-aosta agus bhí sé chuir an Easbog sagart óg chuige chun cabhrúghadh leis. Ní raibh an sagart óg seo ac tar éis an coláiste d'fágaint agus bhí a mhuinntir an-bhoct. Pé pinginn airgid do bhí acu bhí caillthe acu le sagart do deanamh de'n mac. Ar an adhar san níor feadh an sagart óg so trosgán tighe ná aon rud mar sin do cheannach agus thóg sé loisdín i dtig an tSagairt Paróisde. Chaitheadar araon codhladh in aon leabaidh amháin. Bhí ar an sagart óg an chéad Aifreann do radh gach maidean ar a seacht a chlog. Bhí an Gheimhreadh ann agus ní bhíodh solas an lae tagaighthe nuair chaitheadh sé eirighe ar maidin. Aon mhaidean amháin do shleamhnuig an mhaidean air agus nuair fuair sé amach gur cheart do bheith amuigh ar an althóir ag rádh Aifrinn do leím amach as an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge