Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 093

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 093

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 093
  3. XML “Cill Mac Comóg”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Cill-mac-Comóg nó Cill-mo-Chomóg agus cuir Liag teampall ar bun san áít ar a dtugtar Drom-dá-Liag. Bhí na trí teampaill seo i líne díreach ar aghaidh a chéíle no i ndiaidh a chéíle ó Teampaillín Fiacna go Drom-dá-Liag. Deir daoine gur bé an ainm do bhí a a n-athair ná Abhabháin agus toisg go raibh sé chum an triúr do bháhadh san abhainn gur uaidh do fuair an abha a eirigheann i gCéím-an-Fhiadh agus a scéidheann isteach sa bhfairrge i mBéál-Átha-Lice a h-ainm. Pé ainm do bhí an an bhfear ní doca gur uaid do fuair an abha san a h-ainm. Siad na trí -h-aibhne a sceidheann isteach go Cuan-Baoi sa taobh thoir theas di ná, Abha an Mhealaig, An Abhabhain nó an "Aba-mheadhoin" agus Abha - Chúm-na-Fheola. Sí an Abhabháín an ceann lár-baill agus sé is dóíchighe gur ó'n bhfocal meadhon nó meadhoónach do fuair sí a h-ainm.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Deich mbliadhna agus dachad ó shoin agus roimis sin is dhócha bhí a lán daoine sa pharóisde seo...

    (XVIII)
    Deich mbliadhna agus dachad ó shoin agus roimis sin is dócha bhí a lán daoine sa pharóíde seo ceapaidhthe ar cead d'fagháíl ón sagart chum reilgí do bheith acu 'na mbailtí feín mar ní leigfheadh eagla dhóíbh aoinne do bhain leo do chur i dTeampall Cill-mo-Chomóg. Ní éisteóchadh an sagart leó ámh. Bé an rud ba bhun leis sin ná go bhfuarathas amach go rabhthas ag tógaint ná gcorp as an reilg. Bhíothas á dtógaint ibhfad sar a fuarthas amach é agus seó mar fuarthas amach ar dtúis é.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. bás (~1,076)
    Teanga
    Gaeilge