Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 164
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Seo sgeal eile d'airigheas i dtaobh...

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhí na chómnuidhe ar an nDoire Creiche, go dtáinig sí isteach sa mhacha chuige agus gur chuir sé isteach sa chró í mar bhíós aige gur bó do bhí ar strae tar éis an aonaig í agus go mbeithfíde ag chuardac di. Dubhairt Mac Uí Suilliobháín leis féin ná beadh sé ag lot lá eile léí agus go raghadh sé á h-iarraidh. Bhí sé a seact a chlog nuair srois sé an tig an té aige go raibh sí.
    Níor chaith sé greim bídh ná díghe ó fhág sé an baile ar maidin agus nior iar sé aon tathant nuair iarradh air dul istach agus greeim díthe. Bhí sé tamall ag cainnt agus níor bhraith sé an t-am ag sleamnúghadh go raibh sé a deich a chlog. Bhíodar ag tathant air fanamhaint go lá ach ní fhanadh. Oidhche bhreágh spéir ghealaidhe dob eadh an oidhche ceadhna. Thóg sé leis an bhó agus do thiomáín roimis í anuas bóthar Uaig an Leinbh. Ní raibh solas le feicsint in aon tig nuair tháinig sé go Droicead Chúmhóla ach ba chuma leis. Bhí sé mhíle de bhóthar roimis agus dá mbeadh sé déanach fein nuair raghadh sé abhaile d'feadfhadh sé codhladh go h-eadarthráth amaireac. Nuair bhí sé ag déanamh ar Foill hees-ton - áit do bhí an-uaigneac agus áit go ndeirtear go bhfeictí fear gan aon cheann air - do bhraith an bó rud éígin agus dhírigh na cluasa uirrí fein
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge