Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 126

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 126

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 126
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Tá na fillí imthighthe as an saoghal ar fad agus más fíor a innstear dúinn bhíodh file nó beirt i ngach gleann fadó.

    Tá na fillí imthighthe as an saoghal ar fad agus más fíor a innstear dúínn bhíodh file nó beirt i ngach gleann fadó.
    Do mhair file ins an mBárr Linn tímceall a's ceithre fichid bliadhain ó shoin agus Muirtín Ó Cróinín dob ainm do. Sclábaidhe dob eadh é agus ní fheadfaí daoine fhagháil go mbeadh sé na chumas aon rud a bhaineann le sclábaidheact do mhúineadh dho. Bhí sé na chómhnuidhe ar an nDoire Cluthmhar agus nuair ná bíodh sé ag obair bhíodh sé ag déanamh na h-amhrán. Is do dhaoine ná taithneadh leis do bhíodh sé ghá ndeanamh agus tuigtear gur ghá gcáineadh do bhíodh sé. Bhí na h-amhráin do dhein sé ag cuid de's na daoine acht níor ceadúigeadh duinne iad d'foghluim mar "tréisín" mhór do beadh iad do rádh ná do chantain. Bhí daoine ar an bpáirc móir ar a dtugtaoí na Reacairí (Muinntir Shúilleabháín) agus ní raibh aon grádh acu do Mhúirtín mar is dóibh siúd is eadh do dhein sé an chuid is mó de's na h-amhráin.
    Ní thagadh aon mhatalang air ná gur orra do bhíodh milleán aige agus annsan ní dheineadh sé ach amrán do dheanamh dóibh ghearránadar leis an sagart é acht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge