Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)
- Suíomh:
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Laoghaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caolchoill
- XML Leathanach 125
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Dá mbeithfeá ag cainnt le haon t-sean-duine nó sean bhean sa cheanntar so...”
(ar lean ón leathanach roimhe)ar an bhfear san díol as an bpórtar. Na daoine go mbíodh an tóramh 'na dtig nuair d'fillidís sin ar an mbaile, is é cead rud do dheinidís ná pé rán bán, ím agus fuisgí do bhíodh spárta i ndiaidh na socraide do rhiarramh ar na comarsanaibh ba "measa" leó - biad san na cómharsain do thug an congnamh is mó dóibh nuair do bhí an ceann síos orra.
Ní cuimhin le h-éinne de's na sean-daoine atá na mbeathaig anois "mná caointe" d'feiscint i sochraid acht ní foláir nó go mbíodh a leithéidí ann tráth-éigin mar d'innis mo uncail dom an sgéal so:-
Do bhí ministir i mBeanntraighe nó i nDubhros - ní feadair sé cia'cu. agus fuair leanbh leis bás. Chuir sé iarraidh ar mhnaoi teacht lá na socraide chum an leanbh do chaoineadh.
Do tháinig sí agus do thug an ministir a págh dhi sar ar ghluais an socraid ó'n dtig.
Pe'cu a bheag nó a mhór do thug sé dhi ní raibh sí sásta leis agus seo mar do dhein sí an leanbh do chaoineadh:-
Do thug an ministir cúpla pinginn dom
Ach a leanbh do caoineadh
Íde an duine sin ar an gcuid eile acu
Siar go h-earball tímpal."
Lean sí ghá rádh san ó fag sí an thig gur shrois sí an reilg.