Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 080

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 080

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 080
  3. XML “Dónall Cam”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fhios aige cá raibh a bhean. Dubhairt St Ledger go raibh fhios aige féin cá raibh sí.
    Dubhairt an bráthair leis dá neósfhadh sé do cá raibh sí go gcuireadh sé 'na chumas radharc d'fághail ar Dhómhnall féin sar a mbeárfhadh an lá air, agus leig sé air go raibh fuath aige do Dhómhnall mar go raibh an fear céadna tar éis a lán éagchóra do dheanamh air.
    Thosnuig St Ledger ag innsint do conus mar a bhfeaca sé í ag paidireóireacht san ngugán agus conus mar do mhairbh sé í le na chlaidheamh nuair cuireadh i-núil do gur bean Dhómhnaill do bhí ann.
    Le línn na bhfocal san do rádh dho do caith Domhnall caip an chlóca siar dá cheann agus thairing sé a chlaidheamh. "A Cladaire" ar seisean "do gheallas duit ó chianaibh beag go bhfaighfeá radharc ar Dhómhnall Cam féin sar a dtagadh an lá agus ní fhéadhfair á radh choidhche ná gur dheineas an geallamhaint sin do chómh-líonadh. A claidhaire chídheann tú Dómhnall Cam ar t-aghaidh amach" Bhí sé cun an chlaidheamh do sháthadh ann act sar a raibh sé d'uain aige bhuail an fear eile é as a láimh. Rugadar isteach ar a chéile annsan agus siúdh ar fuid an t-seomra iad ag treasgairt a chéile, agus buírd agus cathaoireaca acu dá leaghadh. Bhí an lámh-uachtar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
        1. Ó Súilleabháin Béarra (~30)
    Teanga
    Gaeilge