Scoil: Caolchoill (uimhir rolla 16087)

Suíomh:
An Chaolchoill, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Laoghaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 027

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 027

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Caolchoill
  2. XML Leathanach 027
  3. XML “Scéal i dtaobh Airgid i Lios”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    istig i seómra breágh solasmhar a bhí sé - seómra a bhí lán de bhuachaillí agus do chailiní óga agus iad ag rinnce ar an ndícheall. Bhí trúir no ceathrar de bheilideóirí ináirde ar stáitse agus iad ag seinim dóibh - agus an ceól chómh bínn sin go bhfanfhadh sé ag éisteacht leó choidhche. Ní raibh acht aoinne amháin ann a bhí scoth aosta agus bhí an fear san ináirde ar stáitse leis agus é na shuidhe ar chathaoir a bhí deanta de ór ar fad. Bin é an maor nó an ceann [?] a bhí orra agus ba gheárr go bhfeacha sé go raibh "ana-uraim" ag an gcuid eile so.
    Bhí a lán sa lios do chuir iongnadh air gan dabht acht sé an rud is mó do chuir iongnadh air ná go bhfeachadh sé annsúd ag rinnce ós a chómhair amach buacaillí agus cailíni a bhí curtha le blianta, a chómhnaosaí féin, daoine go raibh aithne mhaith aige orra agus é féin na óganach, agus iad chómh hóg-feachaint, chómh méidhireach, chomh lán do phléasúr agus bhíodar nuair bhídís go léir ag rinnce ar an bpatrún gac tráthnóna Domhnaig. Rínnceóir breágh do bheadh é féin agus chaith sé "bodars" rinnce a déanamh dóibh. Nuair a bhí san déanta aige tógadh isteach i seómra eile é. Bhí bórd i lár an úrláir agus ní lá fós e mar a raibh [?] agus "annlan" ar an mbórd san. Bhí na sgenna agus na soithighe go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge