School: Caolchoill (roll number 16087)
- Location:
- Kealkill, Co. Cork
- Teacher: Mícheál Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caolchoill
- XML Page 027
- XML “Scéal i dtaobh Airgid i Lios”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)istig i seómra breágh solasmhar a bhí sé - seómra a bhí lán de bhuachaillí agus do chailiní óga agus iad ag rinnce ar an ndícheall. Bhí trúir no ceathrar de bheilideóirí ináirde ar stáitse agus iad ag seinim dóibh - agus an ceól chómh bínn sin go bhfanfhadh sé ag éisteacht leó choidhche. Ní raibh acht aoinne amháin ann a bhí scoth aosta agus bhí an fear san ináirde ar stáitse leis agus é na shuidhe ar chathaoir a bhí deanta de ór ar fad. Bin é an maor nó an ceann [?] a bhí orra agus ba gheárr go bhfeacha sé go raibh "ana-uraim" ag an gcuid eile so.
Bhí a lán sa lios do chuir iongnadh air gan dabht acht sé an rud is mó do chuir iongnadh air ná go bhfeachadh sé annsúd ag rinnce ós a chómhair amach buacaillí agus cailíni a bhí curtha le blianta, a chómhnaosaí féin, daoine go raibh aithne mhaith aige orra agus é féin na óganach, agus iad chómh hóg-feachaint, chómh méidhireach, chomh lán do phléasúr agus bhíodar nuair bhídís go léir ag rinnce ar an bpatrún gac tráthnóna Domhnaig. Rínnceóir breágh do bheadh é féin agus chaith sé "bodars" rinnce a déanamh dóibh. Nuair a bhí san déanta aige tógadh isteach i seómra eile é. Bhí bórd i lár an úrláir agus ní lá fós e mar a raibh [?] agus "annlan" ar an mbórd san. Bhí na sgenna agus na soithighe go(continues on next page)