School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 150

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 150

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 150
  3. XML (no title)
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    D'airigheas m'athair ghá rádh gur bhuail bean siubhail isteach chúca tráthnóna...

    (continued from previous page)
    dá mbeadh sibhse ceathramhadh uair a 'cluig mós déideanaighe ag teact ó Chorcaig an oidhche sin go mbeadh sibh i lár an chatha agus ní fios cad é an críoch do bhearfhad sibh. An carn glóthaighe do chonnaicís-se ar an fhuil do duirteadh an oidhche roime sin baluighthe agus nuair do fuair na ba "bolad" na fola gur dhirígheadar ar a chéile do mharbhúghadh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Bhí béas no nós ag na sean-daoine gan aon bhraon d'uisge salach d'fágaint istigh istoidhche...

    Bhí béás no nós ag na sean daoine gan aon bhraon d'uisge salach d'fáaint istig istoidhche, an t-úrlár do scuabadh agus na cupáín ná báísíní agus na soithíghe go léir do bheith nighthe glan acu, agus na cathaoireacha agus na suidistíní do chur siar ó'n dteinne. Bhíodh an próca lán de uisge glan aca agus gach nídh réidh agus ollamh do's na daoine maithe dá dtagfhaidís isteach.
    Dubhairt an bhean feasa so nár cheart d'aon bhean tíghe ná einne eile sa tig an tuisge salach do stealladh amach ar fuid an hacaidh tar eis tuitim na h-oidhche mar "n'fheadairís" ar sise "cé beadh ag gabháíl thar doras." Dubhairt sí gur minic go bíodh anamnacha bocta amuigh ag braith ar theacht isteach agus gur minic leis go mbeadh beirt no triúr des na daoine maithe bféidir ag gabháíl thar doras san am
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish