School: Caolchoill (roll number 16087)

Location:
Kealkill, Co. Cork
Teacher:
Mícheál Ó Laoghaire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 026

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 026

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Caolchoill
  2. XML Page 026
  3. XML “Scéal i dtaobh Airgid i Lios”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    baile d'aimsúghadh. Nuair do bhí sé cortha de bheith ag siubhal agus an deanaighe agus an dorchadas ag teacht do shuidh sé síos ar túrtóg agus é ar inntinn aige gan coruighe as an áit 'na raibh sé go nglanfhadh an cheo nó go dtagfhadh an lá. Níor bhfada dho ann na shuidhe gur airig sé an ceól ba bhinne dár airig cluasa duine riamh
    Bhí fhios aige nárbh aon duine soaghalta a bhí ag seinm ceóil ar mhullach an chnuic an tráth úd agus do tháinig crith cos agus lámh air le sgannradh. "In ainm Dé" ar seisean leis féin "cá bhfuilim in aon chor
    Fhuair sé freagra gan mhoill. Do leabhair an duine agus dubhairt "Táir imeasg do dhaoine mhuinntheartha". Annsan iseadh thug sé fé ndeara go raibh sé buailthe leis an lios atá i mbarra na Coramóire.
    Ní fheadhfadh sé corruighe ná coscéim a thógaint mar um an dtaca so bhí an oidhche tuithighthe air agus í chómh dubh a's ná feicfeá do lámh do shíneadh : nó mar adubhairt an tseanacuidhe chómh dubh le tóin an phúca.
    Sar a raibh sé d'uain aige cuimhneamh ar cad ba cheart do a dheanamh tháinig an sidhe-gaoith agus sciob léi isteach sa lios é.
    Do leath a dhá shúil air nuair a fuair sé gur
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish