Scoil: Na Haodhraí (uimhir rolla 11021)
- Suíomh:
- Na hAoraí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Proinnsias Ó Hurdail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Na Haodhraí
- XML Leathanach 304
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Ábhar d'Aistibh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear saidhbhir agus fear bocht ag dul ó Bhaile an Chaisleáin go Beanntraighe i long. Bhí an duine bocht ag caitheamh tabac agus do íarr an duine saidhbhir an píopa ón duine bhocht. Do thug sé dó é agus sul a chuir an fear saidhbhir an píopa in a bhéal do glan sé é agus d'ól sé é ar feadh tamaill. Annsan do thug sé tharnais d’on duine bhocht é. Sul a chuir an duine bocht an pípoa in a bhéal do gheárr sé an píosa do bhí i mbéal an fir saidhbhir agus do chaith sé amach sa bfarraige é.
- Fadóríamh bhí fear na chómhnuidhe i dtigh bheag sa gCillmacowen agus bheadh sé ag troid i gcomhnuidhe i dtíorthaibh thar sáile. Úair amháin nuair bhí sé thar sáile do phós sé inghean ríogh. Ní raibh an ríogh sásta leis an bpósadh agus chuir sé saighdúire ar thóir an fear. Sar a fúair an fear sin bás do chuir sé a chuid airgid i dtaisge in áit éigin tímcheall an tíghe. Tháinig mórán daoine go dtí an tig ar lorg an airgid acht níor fúaireadar é in aon-chor. Tá falla mór tímcheall an tíghe agus tímcheall cuid de’n talamh leis.