Scoil: Na Haodhraí (uimhir rolla 11021)

Suíomh:
Na hAoraí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Proinnsias Ó Hurdail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 299

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 299

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Haodhraí
  2. XML Leathanach 299
  3. XML “Béaloideas na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sa mblían 1847, bhí fear tréan-láidir timcheall na h-áite seo. Níl fhios agam cad é an ainm ceart a bhí air, acht "breek" a tugtaí air mar leas-ainm. Sa bhlían sin, bhí na daoine go léir ag fághail báis in Éirinn leis an ocras. Pé sgéul é, tháinig an fear bocht seo go dtí tig éigin cun an féar do bhaint. B'é sin an slíghe beatha a bhí aige. Núair tháinig sé go moch ar maidin, ní raibh aon rud le n-ithe ag bean a tíghe dó, agus b'éigean do dul amach sa pháirc, agus an obair do thosnú gan aon breacfást.
    I gceann tamall maith do ghlaoidh bean a tíghe air chun an bhreacfáist. An biadh seo a bhí le neithe san am san. Deinidís císte crúaidh de "plúir dhuibh agus de saghas mine a bhí ann. Ní raibh aon té aige le n-ól ach uisge. Núair d'ith sé a bhreacfást, chúaidh sé amach sa pháirc, agus níor stad sé go dtí go raibh dhá acra do'n féar bainte aige. Ní raibh aon leabaidh aige chun codladh, acht amuigh i seómra éigin gan aon dínn tíghe. Taréis aimsir na dhiaidh sin, fúair an fear sin bás leis an ocras.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge