Scoil: Na Haodhraí (uimhir rolla 11021)

Suíomh:
Na hAoraí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Proinnsias Ó Hurdail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 303

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 303

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Haodhraí
  2. XML Leathanach 303
  3. XML “Ábhar d'Aistibh”
  4. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó ríamh, bhí fear i gCillcaitírin ag dul go h-áit éigin. Núair a bhí sé ag dul ann thug sé fé ndeara cloch bhán ar thaobh an bhóthair. Bhí sé ag féuchaint ar an gCloic ar feadh tamaill agus sa deire do thóg sé é agus chonnaich sé cupán óir síos ins an dtalamh. Níor thóg sé an chloc in aonchor acht rith sé abhaile chun an sgéul d'innsint do na daoine eile. Thánaig mórán daoine leis an bhfear acht níorbh fhéidir leis an áit chéadna d'fhagháil agus bhí na daoine go léir go h-ana bhrónach. Tháinig mórán daoine go dtí an áit ag lorg an airgid acht ní bhfúaireadar é in aon-chor.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Timcheall caogadh bhlíadhain ó shoin bhí fear na chómnuidhe ins an áit seo, agus lá amháin núair bhí sé ag déanamh póill san dtalamh fúair sé bosca mór fé'n dtalamh. Cheap sé go raibh óir istig ann acht níor osgail sé an bosca in aon-chor. Chúaidh sé go dtí an gardaí chun an bosca d'osgailt. Cheap sé ná bhféadach le h-aoinne an bosca d'oscailt acht na Gardaí. Núair oscail na Gardaí an bosga do léim loch amach agus bhí na daoine go léir ag gáiridhe. Tadhg an óir a tugtaí ar an bhfear sin as san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge