Scoil: Na Haodhraí (uimhir rolla 11021)

Suíomh:
Na hAoraí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Proinnsias Ó Hurdail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 302

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 302

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Haodhraí
  2. XML Leathanach 302
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá muintir Suilleabhán sa dúthaigh seo, Béarra, ríamh ó teacht na Nórmánach go h-Éirinn. Ins an ochtú aois déug, do mhair Murtaighe Óg Ó Súilleabhán. Núair bhí sé fásda súas, d'fhág sé an áit seo, agus seo leis go dtí an Fhrannc, mar b'shin é an tráth a bhí na Géadhna Fíadhiane ag dul thár sháile. Chaith sé tréimhse fada i mBreigéad na nGaédhal, agus goineadh é ag an gcath millteach úd Fontenoi. Thagadh sé thár-nais go minic ag bailiúghadh fear san mBreigád agus is mó bád díobh a d'fhág Béul an Chriobháin, agus Claon Daoire.
    An am sin, bhí tallathóireacht ar siúbhal go réidh annso, agus cheannuig Murtaighe bád fé dhéin na h-oibre. Thóghadh sé olann go dtí an Fhrainnc agus thógadh sé tobach, fíon agus rudaí eile abhaile. Acht fé dheire do rug saighdiúirí Shasna air. Baineadh an cheann de, agus chuireadh é ar spíci ar gheata an phorsúin i gCorcaigh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge