Scoil: Urhan (B.) (uimhir rolla 12259)
- Suíomh:
- Iorthan, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Urhan (B.)
- XML Leathanach 240
- XML “An Triúr Cailleach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí triúr driféar ann fadó. Triúr cailleach dob eadh iad. 'Sé do tugtaí ortha ná Cailleach an Daingin, Cailleach Bhóluis agus Cailleach Bhéara mar gur chómhnuig duine díobh i ngach áit díobh san. Dob iongantach iad leméid agus le neart. Do bhíodar ag caitheamh a saogail agus a n-aimsir go maith ach ba shuarach le Cailligh an Daingin an tslí mhaireachtana do bhí ag n-a deirfír i mBéara; agus ba mhaith léi comaoin bheag do chur uirthi.
Ina an am san do bhí oileain na Scairbhe agus Duibhinis agus gan ach go raibh deighile bheag eatortha, ar an dtaobh amuich de'n Daingean. Dubhairt Cailleach an Daingin le n-a hinghin lá, go mb'fearra dhóibh an Scairbh do chuir ó dhéas go dtí an deirfiúr i mBéara. Do chuireadar slabhra as an Scairbh, agus do thugadar iarracht fé i tharracht ach do scoilt sí 'na dhá leath. Do bhí an Scairbh bheag sé sin Duibhinis, ag an ingin annsan, agus an Scairbh mhór ag an máthair. Do ghluaiseadar leo. Do chuir an t-seanhean an inghean roimpi amach,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig Ó Síothcháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cathair Choinn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Shíothcháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Choinn, Co. Chorcaí