Scoil: Urhan (B.) (uimhir rolla 12259)
- Suíomh:
- Iorthan, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Urhan (B.)
- XML Leathanach 241
- XML “An Triúr Cailleach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ach nuair do chuireadar Ceann Urachoir adtuaidh díobh dubhairt sí leis an inghin fanúnt theas ag an laog léi chun go dtugadh sí eolas an bhóthair dí féin mar do bhí sí gairid sa radharc ag an gcríonact.
Nuair do chuireadar Ceann Bhóluis díobh is amhlaidh do thug an inghean a hagaidh soir ar Oileán Maoileann i n-ionad dul cruinn díreach ó dheas go dtí an Tarbh, an Bhó 's an Laogh. Nuair do tháinig sí gairid don oileáinín d'aithin sí go raibh sí ag dul amugha agus do chonnaic sí Béara laisteas siar uaithi.
Do lúig sí ar an máthair stad go rabhadar ar seachrán slí. D'fhéachadar timcheall ortha féin agus i gcionn tamaill rug an inghean ar an slabhradh agus do bhí ag casad na Scairbhe laisteas siar; ach tar éis stracadh beag do bhaint aisti do bhris an slabhra uirthi. Do chuaidh sí go dtí an máthair annsan agus do bíodar ag casadh na Scairbe eile san treó chéadna ach do bhris an slabhra ortha arís agus b'éigean dóibh iad d'fhághail mar a rabhadar.
Tá an Scairbh agus Duibhinis san áit(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig Ó Síothcháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cathair Choinn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Shíothcháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Choinn, Co. Chorcaí