School: Doire Clathach (roll number 11931)
- Location:
- Doire Clochach Uachtarach, Co. Chorcaí
- Teacher: Éamonn Mac Firbisigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Doire Clathach
- XML Page 404
- XML “Fords on Rivers - Átha-na-Fuinnsion - Ford of the Ash Tree”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Mhélac (ó [?]) siar agus leanann sí ar a turas fada go sroiseann sí an fairrge ag Dun na mBárc agus san áit sin dréir Dómhnall tháinig Ceasair agus a lucht leanamhna idtír.
Ritheann an Aidhle ó dheas agus míle ar an dtaobh thuaidh do Drom DháLiag impuigeann sí siar. San áit ceadna geibheann sí taobh-aibhne. Ar an abhainn san do bhí át sa tsean aimsir agus Átha - na - Fuinnsion a tugadh air. Is mar seo a tugadh an t-ainm sin air
Bhí ingean ag Corr Luirgneach darb ainm dí Siomha. Ban-draoí abheadh í agus nuair abhí sí marbh do caitheadh isteach san abhainn í. San áit in ar caitheadh í bhí an áth. Bhí slat beag n-a láim aice agus do sháith sí an tslat san insan dtalamh in aice an átha. Dfhás sí ann agus dá déasgaibh sin tugadh Átha-na-Fuinnsion (Ashford) ar an áit
Dá míle ar an dtaobh thoir de Dhrom-Dhá-Liag tá Áth eile ar a dtugtar Áth-na-Fola.- Informant
- Dómhnall Ó Drisceoil
- Gender
- Male
- Address
- Drom Osta, Co. Chorcaí